| AG GABHÁIL FHOINN DEIREADH SEACHTAINE AMHRÁNAÍOCHTA AR AN SEAN-NÓS SEAN-NÓS SINGING WEEKEND 16–18 Deireadh Fómhair | Cill Chainnigh A weekend of sean-nós singing, open to all. Is as Gaeilge a bheidh na hamhráin den chuid is mó – the songs will be mostly as Gaeilge, with an English song too. Bí i dteangmháil chomh luath agus is féidr Places are limited — be in touch as soon as possible to book your place. Tá an t-eolas go léir – clár na deireadh seachtaine, an costas chomh maith le moltaí maidir le lóistín le fáil thíos. All the info – the weekend programme, the cost as well as suggestions for accomodation are below. |
![]() |
| Amhráin, seisiúin amhránaíochta, siúlóid, caifé & comhluadar Bígí linn le haghaidh deireadh seachtaine lán d’amhráin, spraoi agus dea-chomhluadar i gcroílár Chathair Chill Chainnigh. Deis iontach é seo amhráin a fhoghlaim, iad a chanadh le chéile agus deireadh seachtaine breá a chaitheamh in éineacht le hamhránaithe eile. Cibé leibhéal taithí atá agat san amhránaíocht nó sa Ghaeilge, tá fáilte roimh chách! Beidh formhór an teagaisc á dhéanamh trí Ghaeilge, ach úsáidfear meascán Gaeilge agus Béarla nuair is gá. Beidh ranganna amhránaíochta, siúlóid agus amhráin cois na Feora, caifé & seisiún amhránaíochta, agus neart comhluadair bhreá againn. Clár na deireadh seachtaine Dé hAoine 6.00–8.30pm Fáilte, buffet agus rang 8.30–9.30pm Seisiún amhránaíochta neamhfhoirmiúil Dé Sathairn 10.00–11.15am Rang amhránaíochta 11.30am–1.00pm Caifé & amhráin 1.00–2.30pm Lón 2.30–4.00pm Caint agus seisiún éisteachta – ar fhonnadóirí mór le rá 4.30–6.00pm Rang amhránaíochta 8.00pm Seisiún amhránaíochta Dé Domhnaigh 10.00–11.30am Siúlóid & amhráin cois na Feora 11.30am–1.00pm Réamhrá ar Theicníc Alexander agus an tionchar a bhíonn aige ar an amhránaíocht (Tá Eithne cáilithe mar mhúinteoir san ITM Alexander Technique) 1.00–2.30pm Lón 2.30–4.00pm Dul siar ar na hamhráin agus slán Costas: €290 (níl lóisín nó bia san áireamh seachas an buffet tráthnóna Dé hAoine) Chun d’áit a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig eithnenichathain(ag)yahoo(ponc)com chun na sonraí íocaíochta a fháil. Tá líon na rannpháirtithe teoranta mar sin, is fearr bheith i dteangmháil chomh luath agus is féidir. ____________________________________________________________ SEAN-NÓS SINGING WEEKEND with Eithne Ní Chatháin KILKENNY CITY 16–18 OCTOBER Songs, singing sessions, walking, café, great company! Join us for a weekend full of songs, fun and good company in the heart of Kilkenny City. A wonderful opportunity to learn songs, sing them together and enjoy a great weekend in the company of fellow singers.Whatever your level of experience in singing & in Irish, everyone is welcome! Most of the teaching will be in Irish, but a mixture of Irish and English will be used when needed. There will be singing classes, walking and singing by the Nore, coffee & songs and plenty of good company. WEEKEND PROGRAMMEFriday6.00–8.30pm Welcome, buffet & class8.30–9.30pm Singing session Saturday 10.00–11.15am Singing class 11.30am–1.00pm Café & singing 1.00–2.30pm Lunch 2.30–4.00pm Talk and listening session – on renowned sean-nós singers 4.30–6.00pm Singing class 8.00pm Informal singing session Sunday 10.00–11.30am Walking & singing by the Nore 11.30am–1.00pm Introduction to the Alexander Technique and it’s usefulness in singing (Eithne is also a certified ITM Alexander Technique teacher) 1.00–2.30pm Lunch 2.30–4.00pm Review of songs & farewell Cost: €290 (Accomodation & meals not included, except for buffet on Friday evening) To book your place, send an email to eithnenichathain(at)yahoo(dot)com for payment details. Numbers are limited so it’s advised to get in touch asap. Lóistín Dóibh siúd atá ag lorg áit le fanacht i gCill Chainnigh le linn dheireadh seachtaine an chúrsa (16–18 Deireadh Fómhair), tá neart roghanna ann atá laistigh d’achar siúil éasca ó lár na cathrach. Má tá lóistín ar phraghas réasúnta á lorg agat, b’fhiú féachaint ar Kilkenny City Hostel, JB’s Guest Accommodation, Kilford Arms Hotel (neart seomraí acu de ghnáth), The Club House Hotel agus Billycan Budget Accommodation. Más fearr leat rud eígin rud beag níos compordaí, is roghanna maithe iad Pembroke Hotel, Kilkenny Hibernian Hotel, Kilkenny River Court Hotel agus Butler House. Mholfainn lóistín a chur in áirithe go luath, mar d’fhéadfadh na háiteanna a bheith lán don deireadh seachtaine sin. Seiceáil na dátaí agus na téarmaí áirithinte go cúramach agus tú ag cur do lóistín in áirithe. \ Accommodation For those looking for somewhere to stay in Kilkenny for the course weekend (16–18 October), there are lots of options within easy walking distance of the city centre. For more budget-friendly accommodation, it’s worth checking out Kilkenny City Hostel, JB’s Guest Accommodation, Kilford Arms Hotel (usually plenty of rooms available) The Club House Hotel and Billycan Budget Accommodation. If you’d prefer something a little more comfortable, Pembroke Hotel, Kilkenny Hibernian Hotel, Kilkenny River Court Hotel and Butler House are good options to look at. I’d recommend booking sooner rather than later, as it’s a weekend in October and accommodation can fill up. Please check the booking dates carefully when making your reservation. |

